Meabhrúchán: An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30pm, Déardaoin an 22 Eanáir 2015
 |
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh. Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 22 Eanáir 2015.
Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt, an 16 Nollaig 2014 ar aghaidh.
Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil sna foirmeacha ealaíne seo a leanas:
- Ailtireacht
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla)
- Ceol
- Na Físealaíona
Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil, ar ár suíomh Gréasáin.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|