Le Scéim na bhFoilseachán /Teideal ar Theideal 2015 cinntí
 |
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon cinntí i dtaca le Scéim na bhFoilseachán /Teideal ar Theideal 2015 a fhógairt. Tugtar cabhair sa Scéim i dtaca le táirgeadh saothar agus irisí liteartha ardchaighdeáin, agus tugtar tacaíocht dá gcur chun cinn agus dá scaipeadh ar lucht mór léite. Fuair an Chomhairle Ealaíon 29 iarratas incháilithe don Scéim, agus éilíodh €651,329.38 san iomlán. B’ionann an buiséad a bhí ar fáil agus €202,082 . Bronnadh 18 ndámhachtain chun tacú le foilsiú 32 teideal agus leis na costais a bhain le seacht n-iris. Beidh na saothair le foilsiú i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh siad le fáil i bhformáidí traidisiúnta agus ar líne araon, agus clúdófar an dúrud seánraí lena n-áirítear litríocht do pháistí, filíocht, léirmheastóireacht ealaíon agus ficsean liteartha.
Is féidir liosta iomlán na gcinntí a fháil anseo:
Dúirt Ceann Litríochta na Comhairle Ealaíon, Sarah Bannan, agus í ag labhairt faoin Scéim: “Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt do na teidil agus na hirisí seo. In ainneoin na ndúshlán atá os a gcomhair, tá foilsitheoirí dúchasacha tiomanta do shármhaitheas liteartha agus d’ardchaighdeáin léiriúcháin, agus iad ag obair go crua chun teacht ar lucht léite chomh mór agus is féidir. Tá bród ar an gComhairle Ealaíon maoiniú a thabhairt do shaothair atá ar ardchaighdeán liteartha tríd an Scéim seo, agus tugann sí tacaíocht do shármhaitheas ealaíonta i bhfoilsitheoireacht na hÉireann i rith an ama.”
 |
|