Stiúrthóir Feidhmiúcháin á lorg ag Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman
‘Tá Stiúrthóir Feidhmiúcháin á lorg ag Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman i gcomhair post comhcheannaireachta nua-chruthaithe leis an Stiúrthóir Ealaíne. Oibreoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir Ealaíne le chéile chun ceannaireacht shoiléir agus chomhsheasmhach a sholáthar don eagraíocht, ag forbairt agus ag seachadadh Plean Straitéiseach agus ag cinntiú go gcomhlíonann an Fhéile a haidhmeanna ealaíonta, fad is a fhanann sí inmharthana i dtaobh airgeadais agus freagrach dá lucht féachana.
Chun eolas a fháil ar an bhFéile agus ar an bpost agus chun sonraí a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh, íoslódáil an pacáiste maidir leis an bpost ó http://aeminternational.co.uk/executive-director-wexford-festival-opera/. Spriocdháta le haghaidh iarratas: Dé hAoine, 25 Meitheamh.’
|