Music Moves Europe – Glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí ar oscailt anois
Is é Music Moves Europe an creat uileghabhálach le haghaidh thionscnaimh agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh trína dtugtar tacaíocht d’earnáil an cheoil san Eoraip. Mar thoradh ar phlé le príomhpháirtithe leasmhara sa cheol chun na dúshláin is mó atá roimh an earnáil a shainaithint, déanfaidh An Eoraip Chruthaitheach Gníomhaíocht Ullmhúcháin a chur chun feidhme chun tionscnaimh éagsúla, ar ceapadh go speisialta iad le haghaidh sainriachtanais an éiceachórais ceoil, a fhorbairt agus a thástáil.
Tá na glaonna ar thograí a leanas ar oscailt anois:
- Scéim Oiliúna do Cheoltóirí Óga Gairmiúla – Spriocdháta 27 Lúnasa 2018
- Dáileachán ar líne agus dáileachán as líne – Spriocdháta 10 Meán Fómhair 2018
Déan teagmháil le cedculture@artscouncil.ie chun bileog achoimre a fháil maidir leis na glaonna
Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Music Moves Europe.
|