San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár nuachtlitir
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5.30pm, Déardaoin an 9 Aibreán 2015
Spriocdháta: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair – Eanáir go Meitheamh 2016
Meabhrúchán: Spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg 2015.
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais

Tá an dara céim de Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á fógairt ag an gComhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland, ar scéim nua dámhachtana é d’ealaíontóirí faoi mhíchumas i bPoblacht na hÉireann. Tá an Chomhairle Ealaíon ag tacú leis an Scéim agus beidh €25,000 sa scéim le dáileadh in 2015.


Dírítear i gCeangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar ealaíontóirí aonair faoi mhíchumas agus tá dámhachtainí ann i gcomhair Saothar Nua, Meantóireachta agus Oiliúna. Tugann an scéim deis d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a dhéanamh: ceangal le cleachtóirí nó le hionaid eile; a gcleachtas a athrú; ‘céim chun cinn’ a thógáil ó thaobh scóipe agus scála de; lucht leanúna nua a aimsiú; agus dul i mbun meantóireachta agus oiliúna.


Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte do 2015 lena n-íoslódáil ón Déardaoin an 2 Aibreán ar www.adiarts.ie



Spriocdháta: Déardaoin, an 21 Bealtaine 2015 ar 4pm


Má bhíonn aon cheisteanna ginearálta agat faoi na dámhachtainí, déan teagmháil le:
info@adiarts.ie/ 01 8509002

Email Newsletter Software by Newsweaver