Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
 |
Tá an dara céim de Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á fógairt ag an gComhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland, ar scéim nua dámhachtana é d’ealaíontóirí faoi mhíchumas i bPoblacht na hÉireann. Tá an Chomhairle Ealaíon ag tacú leis an Scéim agus beidh €25,000 sa scéim le dáileadh in 2015. Dírítear i gCeangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar ealaíontóirí aonair faoi mhíchumas agus tá dámhachtainí ann i gcomhair Saothar Nua, Meantóireachta agus Oiliúna. Tugann an scéim deis d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a dhéanamh: ceangal le cleachtóirí nó le hionaid eile; a gcleachtas a athrú; ‘céim chun cinn’ a thógáil ó thaobh scóipe agus scála de; lucht leanúna nua a aimsiú; agus dul i mbun meantóireachta agus oiliúna.
Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte do 2015 lena n-íoslódáil ón Déardaoin an 2 Aibreán ar www.adiarts.ie
Spriocdháta: Déardaoin, an 21 Bealtaine 2015 ar 4pm
Má bhíonn aon cheisteanna ginearálta agat faoi na dámhachtainí, déan teagmháil le: info@adiarts.ie/ 01 8509002
 |
|