Ócáid saor in aisce! Culture in Motion – Líonraí Cultúrtha Eorpacha agus an luach a bhaineann le nascadh: Gaillimh, 27 Meitheamh 2019
 |
Gach seans go gcruthófar deiseanna nua comhoibrithe, foghlama, malartaithe faisnéise, smaointe nua agus i bhfad níos mó nuair a théann tú i dteagmháil le líonra cultúrtha Eorpach. D’fhéadfaí comhpháirtíochtaí agus tionscadail a bhunú le heagraíochtaí, a bhfuil na suimeanna céanna acu, ó gach cearn den Eoraip mar thoradh ar an líonra agus chuirfeadh na comhpháirtíochtaí sin ar do chumas cur isteach ar chláir mhaoinithe AE lena n-áirítear An Eoraip Chruthaitheach. Tá raon leathan líonraí cultúrtha Eorpacha ann thar neart gníomhaíochtaí agus cleachtas éagsúla, idir chomhaontais neamhfhoirmiúla de ghairmithe cultúrtha agus comhlachtaí ag a bhfuil ballraíocht fhoirmiúil acu.
Agus muid ag druidim i dtreo na bliana a mbeidh Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020, cuirfear roinnt de na líonraí seo i láthair agus fiosrófar na bealaí ina n-oibríonn siad agus conas is féidir leo cur leis an obair a dhéanann eagraíochtaí cultúir agus daoine aonair. Fiosrófar soghluaisteacht chultúir agus na buntáistí agus na dúshláin a bhíonn ann nuair a ghlactar le deiseanna soghluaisteachta agus le comhpháirtíochtaí le páirtithe i dtíortha eile.
Más maith leat léargas níos fearr a fháil ar cad is líonrú agus comhpháirtíocht Eorpach ann agus na féidearthachtaí a bhaineann leo, cláraigh anseo agus cloisfidh tú ó raon cainteoirí agus foghlaimeoidh tú óna dtaithí. Bí linn i ndiaidh na hócáide chomh maith ag ár bhfáiltiú líonraithe áit a bhfaighidh tú deis labhairt le daoine eile agus deoch a bheith agat.
Dáta: 2.30pm – 6.30pm | Déardaoin an 27 Meitheamh 2019
Láthair: An Pálás, 15 Bóthar na gCeannaithe Íochtarach, Gaillimh
Féach anseo le clárú agus chun tuilleadh sonraí a fháil.
 |
|