Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas, 2019
Is é cuspóir na Dámhachtana Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí, agus Oideachas tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt ghairmiúil ealaíontóirí atá ag obair le leanaí nó le daoine óga, nó ag léiriú saothar dóibh, thar raon foirmeacha ealaíne. Tugann an dámhachtain am agus acmhainní do na healaíontóirí chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas ealaíonta agus chun é a fhorbairt.
Is féidir le daoine aonair cur isteach ar an dámhachtain seo agus is €10,000 an t‑uasmhéid a dhámhfar ar gach iarratas rathúil.
Má tá spéis agat cur isteach ar an scéim seo, íoslódáil agus léigh na treoirlínte anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Damhachtain-Sparanachta-do-Dhaoine-Oga,-Leanai,-agus-Oideachas/
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas a fháil san fhíseán seo https://vimeo.com/277963311
|