Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh ó chleachtóirí gairmiúla maidir le forbairt agus cur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Ar an gcaoi sin, spreagtar saothar ar ardchaighdeán ealaíonta a fhorbairt agus na léirithe iomlána ceoldrámaíochta gairmiúla lena meallann an pobal chomh maith, rud lena gcruthaítear deiseanna d’ealaíontóirí i rith an prhóisis.
Spriocdháta: 5.30pm, 29 Aibreán 2021
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil a bhaineann leis an trí shraith den Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta:
- Sraith 1: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Forbairt: suas le €20,000 ar a mhéad
- Sraith 2: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Cur i Láthair Forbartha agus léiriú iomlán ar scála níos lú: suas le €110,000 ar a mhéad
- Sraith 3: Léiriú na Ceoldrámaíochta: suas le €450,000 ar a mhéad
I ngach ceann de thrí shraith na dámhachtana, tabharfar tús áite d’iarratais a léiríonn na rudaí seo a leanas:
- Fís shoiléir ealaíonta agus fianaise go bhfuil an tionscadal a bheartaítear ar ardchaighdeán ealaíonta nó gur dóigh go mbeidh sé ar ardchaighdeán ealaíonta; cuirfear cuntas teiste na bpríomhealaíontóirí san áireamh
- Deiseanna forbartha suntasacha agus deiseanna gairmiúla do chleachtóirí ceoldrámaíochta gairmiúla
- Béim láidir ar an rannpháirtíocht phoiblí (i gcás tionscnamh a bhfuil cur i láthair don phobal mar chuid díobh)
- Iarratais atá ag teacht go soiléir le tosaíochtaí beartais agus straitéise na Comhairle i gcomhair na ceoldrámaíochta.
An Próiseas iarratais
Is féidir na sonraí iomlána maidir le próiseas an iarratais a fháil anseo
Treoirlínte
Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór d’iarratasóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh:
- A bheith ina gcónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann/a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann iad/nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle a bheith sásta go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin leis na healaíona i bPoblacht na hÉireann.
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta don chothromas agus don chuimsiú agus fáiltíonn sí roimh iarratais ó dhaoine nó ó ghrúpaí ó phobail ina bhfuil cultúir éagsúla agus ó dhaoine faoi mhíchumas.
Cé nach bhfuil compántais cheoldrámaíochta atá ag fáil Maoiniú Straitéiseach i dteideal iarratas a dhéanamh, féadfaidh eagraíochta eile (ar nós ionaid léirithe) a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú Deontais do na hEalaíona iarratas a dhéanamh, ar an gcoinníoll go bhfuil aon ghníomhaíocht agus aon mhaoiniú gaolmhar a thaispeántar a bheith sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá bhfuair an eagraíocht sin Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú Deontais do na hEalaíona, agus ar leithligh uathu.
Cé nach bhfuil compántais cheoldrámaíochta a bhfuil Maoiniú Straitéiseach á fháil acu i dteideal iarratas a dhéanamh, is féidir ról dearfach a bheith ag acu ó am go chéile maidir le tacú le hiarratasóirí ar an Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta nó maidir le comhpháirtíocht a dhéanamh leo. I gcásanna den chineál sin, ní mór don iarratasóir agus don chompántas tacaíochta a dheimhniú go bhfuil an tacaíocht atá á tairiscint agus ról beartaithe na heagraíochta maoinithe sa bhreis ar na gníomhaíochtaí as a bhfaigheann sé Maoiniú Straitéiseach, agus deighilte uathu, agus nach gcuirfidh an léiritheoir ceoldrámaíochta maoinithe an saothar i láthair go poiblí nó ar bhealach eile mar léiriú nó comhléiriú nó mar chuid dá chlár.