FRESH STREET#3 | 22 – 24 Bealtaine
Tugann Circostrada, ARTCENA i gcomhpháirtíocht le Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa agus an ISACS Networkcuireadh duit a bheith linn i gcomhair FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh idir an 22 - 24 Bealtaine 2019.
Tiocfaidh níos mó ná 250 ealaíontóir, cláraitheoir, taighdeoir, oideolaí, iriseoir, agus déantóir beartas as gach cearn den domhan le chéile do FRESH STREET#3, i gcomhair imeacht ilghnéitheach dírithe ar fhorbairt agus ar chur chun cinn na healaíne sa spás poiblí.
Beidh clár le neart imeachtaí éagsúla ann mar chuid den togra seo agus áirítear i measc na n-imeachtaí sin plé painéil, ceardlanna, malartuithe proifisiúnta agus fiosrúchán ar an gcomhthéacs áitiúil, lena n-áirítear turas speisialta chuig oileáin Árann. Beidh deis ag na toscairí taitneamh a bhaint freisin as roinnt léirithe ealaíonta den chéad scoth san fhearann poiblí.
|