Soláthar Seirbhísí Tacaíochta d’Fhoirm Ealaíne
 |
Beidh an Chomhairle Ealaíon ag seoladh cur chuige nua maidir le soláthar seirbhísí tacaíochta d'fhoirm ealaíne i mí Meithimh 2022 ar nós seirbhísí Comhairleoireachta, Measúnaithe agus Taighde. Beimid ag aistriú go dtí cur chuige Córas Dinimiciúil Ceannaigh a ceapadh mar fhreagairt ar chomhairliúchán intreach dian agus ar phróiseas aiseolais a thugann deiseanna feabhsaithe chun solais.
Ina iomláine, tá sé mar aidhm ag an bpróiseas inrochtaineacht agus trédhearcacht a mhéadú maidir leis an gcaoi a bhfaigheann an Chomhairle Ealaíon na seirbhísí céanna agus leis an gcaoi a gcuireann an Chomhairle fáilte roimh thuilleadh éagsúlachta de ghlórtha agus muid ag obair chun tacaíocht a thabhairt do na healaíona in Éirinn agus chun iad a fhorbairt.
Beimid ag óstáil seisiún eolais maidir leis seo ar 20 Meitheamh ag 3pm. Más mian leat a bheith i láthair, cláraigh ach ríomhphost a chur chuig: ArtsDPS@artscouncil.ie.
Beidh sé seo ar fáil le breathnú air ar eTenders le linn mhí an Mheithimh agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
 |
|