Seimineár ar Fhorbairt Lucht Féachana d’Eagraíochtaí Cultúrtha
 |
Tá Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir ag óstáil seimineár leathlá saor in aisce ar fhorbairt lucht féachana d’eagraíochtaí cultúrtha ar an Aoine an 11 Bealtaine 2018 ag 10am i gCé an Adhmaid (Oifigí Sibhialta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath) agus ba bhreá linn thú a fheiceáil ann!
Féadfaidh tú clárú ar shuíomh gréasáin Eventbrite anseo.
Ar an lá, cuirfidh Cristina Da Milano torthaí Staidéar an Choimisiúin AE maidir le Forbairt Lucht Féachana dar teideal How to place audiences at the centre of cultural organisations.– conas an lucht féachana a chur i gcroílár eagraíochtaí cultúrtha, i láthair.
Is é aidhm an staidéir cuir chuige agus modhanna rathúla maidir le Forbairt Lucht Féachana a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach agus cabhrú le ceannairí cultúrtha a dhíriú níos mó ar an lucht féachana. Beidh sé sin an-áisiúil in aon iarratas maoinithe de chuid na hEorpa Cruthaithí a chuirfidh tú isteach amach anseo!
Caith súil ar an suíomh gréasáin www.engageaudiences.eu áit a bhfaighidh tú rochtain ar an tuarascáil iomlán, ar chodanna de agus áit a bhfaighidh tú acmhainní áisiúla a bhaineann le forbairt lucht féachana/éisteachta.
SCEIDEAL
- 10.00am Caifé agus Clárú
- 10.30am – 12.30pm Clár Cainteoirí:
- Cristina Da Milano, Staidéar AE ar Fhorbairt Lucht Féachana;
- Kath Gorman, tionscadal Circus 250 (Féile Lárshamhraidh Chorcaí);
- Cuirfidh Pádraig Naughton agus Leah Johnson ó Arts and Disability Ireland Audiences in Waiting? i láthair. Forbhreathnú ar phríomhthorthaí óna dtaighde a coimisiúnaíodh le déanaí ar an gcaoi a mbíonn daoine faoi mhíchumas ag gabháil don chultúr agus do na healaíona.
- 12.30 – 1.30 Lón Líonraithe
 |
|