An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta
 |
Is é an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta, an 9 Aibreán 2020 ag 5.30 pm. Tosóidh an tréimhse ama inar féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar an 10 Márta.
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta deis a thabhairt d’ealaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le hionaid ealaíon agus le húdaráis áitiúla. I ngach cás, déanfaidh an t-ealaíontóir amharclannaíochta gach a mbeidh i gceist leis an gclár oibre go sonrach a dhearadh i gcomhar le hionad ealaíon agus le húdarás áitiúil.
Ní mór go mbeadh tacaíocht thiomanta i scríbhinn le tograí maoinithe faoin scéim seo ó údarás áitiúil amháin agus ó ionad ealaíon amháin ar a laghad.
Is éard is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta:
- Deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí amharclannaíochta ar fud na tíre chun páirt a ghlacadh i gclár oibre ealaíonta a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtais féin
- Deiseanna a chur ar fáil d’ionaid ealaíon agus d’údaráis áitiúla chun cleachtas amharclannaíochta a fhorbairt ina gceantar
- Forbairt pleanála fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí neamhspleácha amharclannaíochta a spreagadh
- Cur chuige comhordaithe a spreagadh idir na príomhsholáthraithe ealaíon ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.
Is féidir treoirlínte na dámhachtana a fháil sa chuid maidir le maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|