Fáilte go heagrán mhí na Nollag de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
Cuirimid i gcuimhne duit an mhí seo faoi shárimeacht don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: Bí i láthair le scoth na dtaibheoirí Éireannacha Dé Domhnaigh an 7 Nollaig chun an ficsean Éireannach is fearr a cheiliúradh.
Tá faisnéis againn faoin ‘Lá um Dhíriú ar an Lucht Féachana’ de chuid Lucht Féachana na nEalaíon, Dé Máirt an 9 Nollaig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon gur bhuaigh Mary Costello an Gradam le haghaidh Úrscéal na Bliana de chuid Eason ag Gradaim Leabhar na hÉireann 2014 de chuid Bhord Gáis Energy as a céad úrscéal, Academy Street.
Ag a cruinniú iomlánach i mí na Samhna, d’aontaigh an Chomhairle Ealaíon próiseas chun a straitéis nua do na healaíona in 2015 a fhorbairt. Tharla sé seo tar éis Inspiring Prospects, athbhreithniú straitéiseach na Comhairle Ealaíon, a fhoilsiú agus a cuireadh faoi bhráid an chruinnithe iomlánaigh i mí an Mheithimh.
Ba mhaith linn a chur i gcuimhne duit faoi shárimeacht don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh an 7 Nollaig in Institiúid Scannán na hÉireann i mBarra an Teampaill ina ndéanfaimid ceiliúradh ar scoth na scríbhneoireachta ficsin Éireannaigh. Níl ach fíorbheag spásanna ar fáil agus, mar sin, cuir áit in áirithe láithreach más mian leat a bheith i láthair!
Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2015 ón 20 Samhain 2014 ar aghaidh. Glactar le hiarratais ar bhonn leanúnach.
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.
Is é an 4 Nollaig an spriocdháta donScéim Camchuairte agus Scaipthe Saothairi gcomhair camchuairteanna ó Iúil go Nollaig 2015. Tá an spriocdháta donsnáithe Réamhphleanáladon scéim seo mar a chéile leis an spriocdháta le haghaidh turas ó Eanáir go Nollaig 2016.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon cinntí i dtaca le Scéim na bhFoilseachán /Teideal ar Theideal 2015 a fhógairt. Tugtar cabhair sa Scéim i dtaca le táirgeadh saothar agus irisí liteartha ardchaighdeáin, agus tugtar tacaíocht dá gcur chun cinn agus dá scaipeadh ar lucht mór léite.
Tugann an Oifig Cultúir fógra an mhí seo faoi chlinic i mBaile Átha Cliath d’fhoilsitheoirí i dtaca le gairm tograí le haghaidh an tsnáithe Aistriúcháin Liteartha de chuid na hEorpa Cruthaithí, agus le síneadh an spriocdháta do lipéad na bhFéilte Eorpacha.