An mhí seo, fógraímid an creat nua maoinithe – na catagóirí éagsúla agus an chaoi a mbeimid ag tacú agus ag forbairt na n-ealaíon sna blianta amach romhainn. Tá an creat nua bunaithe ar ár straitéis nua 10 mbliana Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh atá beartaithe chun na foinsí tacaíochta atá ar fáil d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíon a athchóiriú chun éifeachta, agus ár bpróisis iarratais, measúnaithe agus cinnteoireachta a shimpliú agus a shoiléiriú.
Is rímhaith a thuigimid le roinnt blianta anuas nach bhfuil na deiseanna ag go leor ealaíontóirí atá i mbun saothair den scoth, a bhí nuálach, uaillmhianach agus bríomhar chun a gcleachtas a fhorbairt agus chun a gcuid smaointe a thabhairt níos faide. Ag an am céanna, tuigimid nach bhfuil go leor eagraíochtaí seanbhunaithe in ann pleanáil thar thréimhse ama níos faide ná bliain amháin, rud a laghdaigh a gcumas caidrimh a fhorbairt de réir a chéile, féachaint le comhpháirtíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chruthú, agus pleanáil go straitéiseach don todhchaí.
D'fhonn dul i ngleic leo sin agus le saincheisteanna gaolmhara, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar a cláir maoinithe, chun cuidiú linn smaoineamh ar an gcaoi a dhéanaimid infheistíocht san ealaín agus i gcleachtas ealaíon, agus cén chaoi b'fhéidir a bheimis in ann é sin a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí.
- Beidh cúig chatagóir maoinithe sa Chreat nua maoinithe.
- Tacaíocht d’Ealaíontóirí, chun cuidiú le healaíontóirí a gcuid smaointe agus cleachtas a fhorbairt.
- Tionscadail agus Cláir, lena gcuirtear tacaíocht maoinithe ar fáil do dhaoine aonair chun smaointe nó gníomhaíochtaí a fhorbairt.
- Maoiniú Straitéiseach, chun eagraíochtaí ealaíne a bhfuil tograí uaillmhianacha nó samhlaíocha acu a mhaoiniú nó chun cuidiú le healaíontóirí obair nua a fhorbairt, nó eispéiris ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal.
- Comhpháirtíocht, chun maoiniú a chur ar fáil chun tacú le húdaráis áitiúla eispéiris ealaíon a chur ar fáil ar fud na hÉireann.
- Forbairt, chun tacú le raon gníomhaíochtaí forbartha a bhaineann lenár dtosaíochtaí straitéiseacha.
Féadann tú an cháipéis iomlán a léamh ar an suíomh Gréasáin anseo.
Bhí seisiúin eolais againn i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i Sligeach, chun mionsonraí an chreata a mhíniú d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíne. Is féidir leat féachaint ar an taifeadadh ar ár leathanach Facebook anseo. Reáchtálfaimid ceardlann an 28 Iúil d’eagraíochtaí a dhéanann iarratas ar mhaoiniú faoinár gcatagóir nua: Maoiniú Straitéiseach, agus tá sé i gceist againn taifeadadh a dhéanamh ar an gceann sin freisin. Is féidir leat tuilleadh a léamh fúthu sa nuachtlitir.
I Mí na Samhna, foilseoimid ár bplean infheistíochta le haghaidh 2018. Beidh an plean bunaithe ar na tosaíochtaí straitéiseacha foriomlána, agus léireofar na suimeanna i ngach catagóir maoinithe.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
An Stiúrthóir