Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a fhógairt go bhfuiltear tar éis Pat Murphy a cheapadh mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin) i gcomhair 2018-19.
 |
Tá an ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus cuirtear ar fáil é i gcomhar le Féile Scannán Chorcaí. Is é is aidhm dó deis ar leith a thabhairt do scríbhneoir scáileáin a bhfuil gradam bainte amach aige/aici a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do mhic léinn ag an am céanna oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá ag cleachtadh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Is scríbhneoir-stiúrthóir iomráiteach í Pat Murphy ar léi an saothar seo a leanas Maeve, Anne Devlin, Nora agus Tana Bana. I rith a tréimhse cónaitheachta oibreoidh sí le mic léinn ag UCC trí raon imeachtaí ar an gcampas. Beidh sí páirteach chomh maith in imeacht poiblí ag Féile Scannán Chorcaí i mí na Samhna 2018 agus ag UCC in 2019.
Ag labhairt di faoin gceapachán, dúirt Fionnuala Sweeney, Ceann Scannán ag an gComhairle Ealaíon: ‘Is mian leis an gComhairle Ealaíon tréaslú le Pat Murphy as a ceapachán mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC. Is duine í Pat a bhfuil an-bhaint aici le cúrsaí scannán in Éirinn, agus mar scríbhneoir agus stiúrthóir a bhfuil bua thar cuimse aici tugann sí neart taithí léi chuig an ról. Mar a tharla i gcás aisteoirí roimhe seo a raibh an post acu, táimid dóchasach go dtabharfaidh an tréimhse cónaitheachta deis do Pat a cleachtas clúiteach a fhorbairt tuilleadh i dtimpeallacht chruthaitheach UCC.’
Is í Pat Murphy an cúigiú ealaíontóir scannáin a ceapadh sa ról agus leanann sí Carmel Winters, Gerry Stembridge, Hugh Travers agus Mark O’Halloran, a bhí ina n-ealaíontóirí scannán cónaithe ag UCC ó 2014, agus rath mór orthu go léir.
 |
|