Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdháta i gcomhair na Gairme Oscailte 2017
 |
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Gairmeacha Oscailte an 21 Márta. Is é spriocdháta na Scéime seo 5.30pm Déardaoin, an 20 Aibreán 2017. Glacfar le hiarratais ar shuíomh gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Trí na Gairmeacha Oscailte seo is mian leis an gComhairle Ealaíon tacú le saothar uaillmhianach, comhoibritheach agus turgnamhach i raon suíomhanna. D’fhéadfadh na tionscadail a bheartaítear mar fhreagairt don Ghairm Oscailte a bheith i bhfoirm ealaíne ar bith, i réimse cleachtais ealaíon ar bith nó d’fhéadfaidís a bheith trasdisciplíneach. Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar cónaitheoirí de chuid (Phoblacht) na hÉireann iad. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann iad. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle bheith sásta go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin leis na healaíona i bPoblacht na hÉireann. Ní mór do thograí a fhaightear ó eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon faoi Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, faoi dheontais le haghaidh Clár Bliantúil, nó faoi dheontais le haghaidh Maoiniú Bliantúil fianaise a sholáthar gur tionscadal eisceachtúil atá i gceist agus go bhfuil sé taobh amuigh de shainchúram a ngníomhaíochtaí maoinithe. Soláthrófar sonraí iomlána an phróisis iarratais i dtreoirlínte na scéime.
 |
|