Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Spriocdhátaí 2017
 |
Spriocdhátaí 2017: (Babhta 1) Dé Luain, an 27 Márta | (Babhta 2) Dé Luain, an 26 Meitheamh Ní mór d’iarrthóirí a bheith ag obair mar ealaíontóirí i gceann ar bith de na foirmeacha ealaíne seo a leanas: ailtireacht, sorcas, sráidealaíon agus seónna, damhsa/rince, scannán, litríocht (i nGaeilge nó i mBéarla), ceol, ceoldrámaíocht, téatar, na hamharcealaíona agus ealaíona traidisiúnta. Is féidir na tionscadail a reáchtáil i réimse leathan comhthéacsanna sóisialta agus pobail, e.g. na healaíona agus an tsláinte; na healaíona agus an éagsúlacht chultúrtha; na healaíona agus daoine scothaosta; chomh maith le haon phobail suime eile.
Is é aidhm na scéime comhoibriú bríoch a spreagadh idir pobail áite agus/nó spéise agus ealaíontóirí. Tá sé riachtanach go mbeadh comhphlé idir an t-ealaíontóir agus an grúpa pobail, sa chaoi is go mbeidh an dá dhream páirteach sa chinneadh maidir leis an gcineál tionscadail a bheidh i gceist. Ba cheart gach céim den phróiseas agus den saothar ealaíne a bheith faoin ngrúpa. Is iomaí toradh a d’fhéadfadh a bheith ar chur i bhfeidhm an tionscadail. Chun faisnéis a fháil faoin Scéim agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil le Katherine Atkinson trí ríomhphost: support@create-ireland.ie Guthán: 01 473 6600 Suíomh gréasáin: www.create-ireland.ie
 |
|