Fondúireacht Chultúrtha na hEorpa – an dara babhta den Chiste um Chultúr Dlúthpháirtíochta na hEorpa fógartha!
Tacaíonn an Ciste um Chultúr Dlúthpháirtíochta na hEorpa le tionscnaimh chultúrtha shamhlaíocha a atreisíonn dlúthpháirtíocht na hEorpa agus an nóisean den Eoraip mar spás poiblí comhroinnte, i lár ghéarchéim na paindéime domhanda.
Tá an ciste oscailte do dhaoine aonair, do chnuasaigh agus d’eagraíochtaí as gach earnáil agus ón tsochaí sibhialta. Tá deontais ó €5,000 go €50,000 ar fáil do réimse leathan gníomhaíochtaí ó shíolmhaoiniú do thionscnaimh úrnua agus cómhaoiniú chun smaointe atá ann cheana a mhéadú chuig leibhéal Eorpach. Is féidir leis an deontas costais ábhair, oifige, uirlisí comhoibrithe agus cumarsáide, costais táirgthe agus táillí gairmiúla agus costais foirne a chlúdach.
Osclóidh an dara fuinneog ar an 22 Meitheamh agus dúnfaidh sí ar an 14 Iúil ag 13:00 Am Lár na hEorpa. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.
|