An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 17 Eanáir 2019
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Liam O’Flynn ná Déardaoin, 17 Eanáir 2019 ag 5.30 p.m. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 11 Nollaig 2018.
Is comhthionscnamh idir An Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta é Dámhachtain Liam O’Flynn mar chuid den chomhoibriú atá ar bun acu chun na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn, tuiscint ar na healaíona traidisiúnta a chothú agus léiriú a dhéanamh ar a thaitneamhaí atá na healaíona traidisiúnta, tá an fhéile ceoil thraidisiúnta Tradition Now mar chuid den obair seo freisin.
Is é aidhm na Dámhachtana Liam O’Flynn tréimhse machnaimh, inspreagtha agus cruthaithe a chur ar fáil d’ealaíontóir traidisiúnta ar mhaithe leis an ealaín agus é/í ina (h)ealaíontóir cónaitheach sa Cheoláras Náisiúnta agus chun tuiscint agus eolas ar na healaíona traidisiúnta agus an taitneamh a bhaintear as na healaíona traidisiúnta a mhéadú i dtimpeallacht shaibhir an Cheolárais Náisiúnta.
Cuirfear deiseanna ar fáil d’ealaíontóirí faoi Dhámhachtain Liam O’Flynn comhoibriú le réimse leathan ealaíontóirí i dtimpeallacht thacúil phroifisiúnta, áit a mbeidh siad taobh le healaíontóirí tréitheacha ó sheánraí éagsúla agus a bhfuil ionchas ard ann maidir leis an obair chruthaitheach.
- Bronnfar dámhachtain 15,000 Euro ar ealaíontóir amháin chun saothar nua a chruthú ag an gCeoláras Náisiúnta
- Léireofar an saothar/na saothair mar chuid de Tradition Now 2019
- Tacóidh an dámhachtain le bealaí nua chun ceol a chumadh
- Beidh an t-ealaíontóir rathúil lonnaithe sa Cheoláras Náisiúnta agus tacóidh an dámhachtain le comhoibriú le ceoltóirí cónaitheacha eile sa Cheoláras Náisiúnta (e.g. Crash Ensemble, Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Cór Aireagail na hÉireann)
Foilseofar Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh na ndámhachtainí seo sa rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|