Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil babhta 2 de Dhámhachtain Lúfaireachta 2021 oscailte.
An Dámhachtain Lúfaireachta do shaorealaíontóirí aonair agus oibrithe sna healaíona ag céim ar bith dá ngairmréim. Tá sí ar fáil i ngach foirm ealaíne agus réimse cleachtas ealaíon a dtacaímid leo.
Forbraíodh an dámhachtain seo d’fhonn tacú le daoine i ndiaidh na géarchéime Covid-19 agus tá sé oscailte do chách.
Cuirimid fáilte nach mór roimh iarratasóirí nua agus tugaimid spreagadh d’iarratais ó gach cuid den phobal beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, stádas sibhialta nó teaghlaigh, creideamh, aois, míchumas, cine nó duine den Lucht Siúil, nó cúlra socheacnamaíoch.
Cad é cuspóir na Dámhachtana Lúfaireachta?
Cabhróidh an dámhachtain seo leat ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a dhéanamh:
- Do chleachtas a fhorbairt
- Do scileanna a fhorbairt
- Do shaothar a fhorbairt
- Saothar nua a chruthú
- Saothar nua a chur i láthair
Tacaíochtaí rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus más mian leat cúnamh a fháil chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana Adrienne Martin trí seachtaine roimh an spriocdháta, nó chomh luath agus is féidir leat. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise le riachtanais rochtana a d’fhéadfaí a bheith agat mar chuid de do thogra a shásamh.
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Adrienne trí:
Cén uair is féidir liom clárú chun iarratas a dhéanamh?
Anois! Mura bhfuil cuntas agat le seirbhísí ar líne, cláraigh anois. Tógann sé suas le cúig lá orainn do chlárú a phróiseáil agus do chuid sonraí logála isteach agus d’uimhir ARN a sheoladh chugat.
Cén uair is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Nuair a chláraíonn tú lenár seirbhísí ar líne, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ón Máirt, an 8 Meitheamh, 2021.
Déan iarratas chomh luath agus is féidir leat
Má dhéanann tú iarratas luath:
- beidh am agat tuilleadh ceisteanna a chur orainn agus tacaíocht theicniúil a fháil
- seachnóidh tú aon amanna uaslódála níos moille ar an spriocdháta i mí Iúil
Conas a dhéanfaidh mé iarratas?
Chun iarratas a dhéanamh, caithfidh tú na trí cháipéis treoirlínte atá ullmhaithe againn a léamh. Tá siad suas chun dáta agus mínítear iontu gach a gcaithfidh tú a dhéanamh. Is fiú iad a léamh go cúramach, mar sin, cuir an t-am sin san áireamh i do phleanáil.
Ina diaidh sin, íoslódáil an fhoirm iarratais ó do chuntas seirbhísí ar líne, comhlánaigh an fhoirm, agus ullmhaigh d’ábhar tacaíochtaí (amhail CVanna).
Cad a dhéanfaimid anois?
Guímid gach rath ort le d’iarratas.