D’fhógair Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Music Network gur ainmníodh triúr ceoltóirí cónaithe don bhliain 2019 faoi scéim atá cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus bainistithe ag Music Network. Beidh taibhléirithe saor in aisce i Stiúideo dlr LexIcon, Dún Laoghaire, idir an 16 Meitheamh agus an 5 Nollaig 2019, mar chuid de gach ceann de na cónaitheachtaí. Bronnadh cónaitheachtaí d’ealaíontóirí seanbhunaithe ar Éamonn Cagney agus ar Izumi Kimura, agus bronnadh cónaitheacht d’ealaíontóir atá ag teacht chun cinn ar Lara Gallagher roimhe seo.
Cruthaíonn Scéim Ceoltóra Chónaithe deiseanna do thaibheoirí agus do chumadóirí le saothair nua a fhorbairt agus a thaispeáint agus comhoibriú ealaíne nua a chruthú. Cuirfear le timpeallacht chultúrtha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin leis na cónaitheachtaí seo agus beidh gach duine de na ceoltóirí rannpháirteach le daoine éagsúla trí shraith léirithe i Stiúideo dlr Lexicon agus i suíomhanna eile sa cheantar.
Beidh sraith ceolchoirmeacha saor in aisce i Stiúideo dlr Lexicon idir Meitheamh agus Nollaig mar bhuaicphointe na gcónaitheachtaí:
Díreoidh an cumadóir, an dearthóir fuaime agus ceoltóir uirlise Lara Gallagher, ar shaothair ar ala na huaire a cumadh ina bhfiosrófar fuaimeanna an nádúir a bhíonn le cloisteáil i mBaile an Bhóthair le linn a cónaitheachta. Tá suim ag Lara sna bealaí éagsúla ina dtugaimid fuaimeanna faoi deara, agus rachfar i ngleic leis an gclonscairt shonach iontach a chruthaítear nuair a mheasctar fuaimeanna ó uirlis acústach cosúil leis an sacsafón le domhan na bhfuaimeanna digiteacha ina taibhiú agus san obair chumadóireachta a bheidh idir láimhe aici. Iarrfar ar an lucht éisteachta machnamh a dhéanamh ar an gceist cibé an féidir linn áilleacht iomlán ár dtimpeallachtaí a aithint agus muid inár gcónaí i ndomhan síorathraitheach ina múchann laethanta gnóthacha agus dul chun cinn teicniúil ár bhfreagrachtaí mothúchánacha. Beidh deis ann le tuilleadh faisnéise a fháil ar na saothair a táirgeadh le linn cónaitheacht Lara ar an Domhnach, an 16 Meitheamh i Stiúideo dlr LexIcon.
Fiosrófar an nasc idir fuaimeanna timpeallachta agus fuaimeanna an cheoil i gcónaitheacht an phianódóra agus an chumadóra Izumi Kimura, trí thaifid pháirce agus cheol beo a idirghníomhaíonn lena chéile a dhéanamh. Tá fuaimdhreach an-saibhir ag Dún Laoghaire agus tá spás, fuinneamh, gluaiseachtaí daoine, an chultúir agus an nádúir le cloisteáil i ngach uile fuaim. Beidh na taibhithe a chruthófar mar thoradh ar an tionscadal seo ar siúl i Stiúideo dlr Lexicon Déardaoin an 4 Iúil agus Déardaoin an 1 Lúnasa agus léireofar scéalta sonacha stairiúla tríd an gceol iontu, á gur in iúl sa lá atá inniu ann tríd an tobchumadóireacht. Beidh daoine eile ag comhoibriú le Izumi ar an taibhiú seo lena n-áirítear Anthony Kelly, duine de na daoine a chruthaigh Mapa Fuaime Dhún Laoghaire, an t-amhránaí Olesya Zdorovetska agus an seinnteoir veidhlín/vióla Cora Venus Lunny atá beirt ina máistrí ar an gceol macánta.
Cruthóidh an cnagcheoltóir agus an cumadóir Éamonn Cagney saothair cheoil nua ag a mbeidh ceann de na scéalta béaloidis is fearr leis mar inspioráid dóibh: “Young Conall of Howth”, ar a dtugtar “Eachtra Chonaill Ghulbain” chomh maith. Tá níos mó ná trí scór leagan den scéal éachtach agus greannmhar seo i mBéaloideas na hÉireann, ar cumadh den chéad uair é le linn na meánaoise deiridh mar eipic a bheadh mar shárú ar gach eipic eile. Casfaidh an seinnteoir giotáir, atá ag seinm le Éamonn agus a chuid drumaí le fada, Niwel Tsumbu, mar aon leis an seinnteoir méarchláir den chéad scoth Darragh O’Kelly ag an ócáid chomh maith agus beidh Eoin Murphy ag plé le cúrsaí fuaime. Stiúrfaidh Éamonn an chumadóireacht le sraith cheoil atá bunaithe ar rithim, agus na gnéithe den scéal a mbaineann go leor ceol leo mar spreagadh dó. Cuirfear an seó seo ar taispeáint le linn dhá cheolchoirm i Stiúideo dlr LexIcon, Dé Domhnaigh an 10 Samhain agus Déardaoin an 5 Nollaig. Bí ag súil le drumadóireacht agus rithim, éifeachtaí neamhshaolta, an focal labhartha agus an scéalaíocht, ceol iontach ón méarchlár, giotár agus djembe, fiosrúcháin ghreannmhara agus scéal éachtach de chuid na hÉireann, ach le blas éagsúil.
Áirítear i measc na ndaoine a bhí ina gceoltóirí cónaitheacha roimhe seo an seinnteoir veidhlín agus an cumadóir amhrán Susan McKeown, an pianódóir agus an cumadóir Conor Linehan, an t-ealaíontóir fuaime agus an cumadóir Craig Cox, an ceoltóir agus an cumadóir Sebastian Adams, The Eidola Trio agus Malachy Robinson (viola de gamba) ag seinm leo, Eamon Sweeney (giotár barócach, liúit) agus Anita Vedres (veidhlín barócach), Elizabeth Hilliard agus Grainne Mulvey (Ceoldrámaíocht), Matthew Jacobson (drumadóir snagcheoil) agus Metier (cúigréad snagcheoil faoi stiúir Ronan Guilfoyle).
Tá na sonraí iomlána faoi na taibhithe ar fáil ag https://www.musicnetwork.ie/concerts
Tá Music Network maoinithe ag an gComhairle Ealaíon.