Tograí á lorg ag an gClár Beyond Borders de chuid an PRS for Music Foundation ó eagraíochtaí agus grúpaí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann
 |
Tá an PRS for Music Foundation ag fáil tograí ó eagraíochtaí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn ar mian leo nuacheol ó gach seánra a chomhchoimisiúnú nó dul ar camchuairt leis don chlár Beyond Borders (Thar Teorainn). Bunaíodh Beyond Borders (Thar Teorainn) in 2010 chun tacú le saothair chomhchoimisiúnaithe agus camchuairteanna d’ardchaighdeán, ar mhaithe le comhoibriú a spreagadh idir cumadóirí, grúpaí taibhiúcháin agus eagraíochtaí ceoil. Faoin gclár, bronntar suas le £15,000 ar thionscadail chomhchoimisiúnaithe agus chamchuairte, lena n-áirítear aon chostais a bhaineann le taifeadadh. Is é seo an tríú bliain atá an Chomhairle Ealaíon ag dul i gcomhpháirtíocht leis an PRS for Music Foundation, Creative Scotland, Comhairle Ealaíon na Breataine Bige agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann mar cheann de chomhpháirtithe an chláir. Chun iarratas a dhéanamh agus chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig: http://www.prsformusicfoundation.com/Partnerships/Flagship-Programmes/Beyond-Borders. Níor mhór go mbeadh na hiarratais á ndéanamh ag eagraíochtaí atá ag coimisiúnú nó ag cur nuacheol chun cinn (e.g. ceol clasaiceach, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol comhaimseartha) in éineacht le comhpháirtí amháin eile ar a laghad atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn. Is é an 23 Feabhra 2017 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
 |
|