The Reader’s Voice
 |
Tá an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach mórtasach The Reader’s Voice a chur i láthair, sraith agallamh le húdair ar fud na tíre, a dhéanfaidh ceiliúradh ar an léitheoir, na leabharlanna áitiúla agus scríbhneoireacht den scoth in Éirinn. Cuirfidh an chéad duine a ceapadh mar Laureate na hÉireann, Anne Enright, agallamh ar sheisear scríbhneoirí i sé ionad éagsúla a bhaineann leis an leabharlann thar mhíonna Feabhra, an Mhárta agus Aibreáin. Beag beann ar thíreolaíocht, táimid ag spreagadh léitheoirí ar fud na tíre a bheith rannpháirteach leis an tsraith, na leabhair a léamh agus a bheith rannpháirteach ar líne chun féachaint ar na himeachtaí i leabharlanna ar fud na tíre.
Is iad seo a leanas na sonraí maidir leis na chéad trí imeacht: - 16 Feabhra - Leabharlann Dhurlais, Co. Thiobraid Árann. Christine Dwyer Hickey, The Cold Eye of Heaven.
- 23 Feabhra - Leabharlann Bhaile Munna, Co. Bhaile Átha Cliath. Bernard MacLaverty, Grace Notes.
- 3 Márta - Glór, Inis, Co. an Chláir, 8:30pm. Donal Ryan, All We Shall Know.
Beidh tuilleadh eolais ar fáil ar www.artscouncil.ie/laureate, www.facebook.com/LaureateIrishFiction agus trí @LaureateFiction a leanúint ar Twitter, agus beidh sonraí maidir leis an gcéad sraith eile ar fáil go luath i mí an Mhárta.
 |
|