Collective View, King House, Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin. 17 Bealtaine - 19 Meitheamh
Saothair ó Bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon agus ó Bhailiúchán Ealaín Chathartha Mhainistir na Búille
Mar chuid d’Fhéile na Bealtaine 2019 tugtar léargas in Collective View ar an gcaoi a gcuirtear bailiúcháin le chéile agus déantar imscrúdú ar an mbailiú féin mar chomhartha cathartha.
Tá siad tógtha ó dhá bhailiúchán éagsúil agus tugtar peirspictíochtaí nua ann ar an méid oibre a dhéanann ealaíontóirí níos sine dár dtírdhreach cultúrtha.
Tá saothar sa taispeántas ó roinnt de na healaíontóirí is clúití in Éirinn lena n-áirítear Janet Mullarney, Elizabeth Magill, Willie Doherty agus Anne Madden agus daoine nach iad.
http://www.kinghouse.ie/
Shaping Ireland: Landscapes in Irish Art, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath. 13 Aibreán – 7 Iúil
Sciathán Beit (Seomraí 6-10)
Scaipthe amach thar 250 bliain, Shaping Ireland: Landscapes in Irish Art cuimsítear ann saothair ealaíne le caoga ealaíontóir, ina ndéantar iniúchadh ar an gcaidreamh idir daoine agus an domhan nádúrtha lena n-áirítear saothair le Clare Langan agus Seán McSweeney ar iasacht ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon.
www.nationalgallery.ie
The Precariat - Ursula Burke, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Gaillimh an 31 Bealtaine – 6 Iúil
In The Precariat tugtar le chéile sraith saothar ina bhféachtar le himscrúdú a dhéanamh ar eispéireas na héadaingne, ar riocht uilíoch é anois de réir mar a bhímid ag streachailt a bheith féinmharthanach i sochaí shibhialta bhocht atá ag éirí níos guagaí i gcónaí, ina ndéantar réitigh phearsanta a thairiscint ar fhadhbanna domhanda.
Beidh trí shaothar mar chuid den taispeántas a fuartha le haghaidh Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon in 2018.
www.galwayartscentre.ie
Féile Ealaíon Mhuinchille, An Cabhán. 26 Meitheamh - 7 Iúil
Taispeántas saothar a roghnaíodh ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint i Halla Scoil Dairliath, Muinchille, Contae an Chabháin.
www.cootehillartsfestival.com
Léirítear sna taispeántais seo ceann de phríomhthosaíochtaí na Comhairle Ealaíon maidir le tacú rannpháirtíocht an phobail leis na healaíona, mar atá leagtha amach ina straitéis deich mbliana – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon a Threorú.
Sna blianta beaga seo amach romhainn, leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ag cur leis an mBailiúchán agus ag leathnú a clár taispeántas, iasachtaí agus comhpháirtíochta atá dírithe ar lucht féachana ar fud na tíre a éascú chun sult a bhaint as na saothair iad féin agus a bheith ag gabháil dóibh.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le saothair a fháil ar iasacht ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, téigh i dteagmháil le Ben Mulligan, Oifigeach Bailiúchán, Amharc-Ealaíona: Oifigeach Bailiúcháin, ben.mulligan@artscouncil.ie.