Tabharfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, cuairt ar oifigí na Comhairle Ealaíon i mBaile Átha Cliath agus fógróidh sé ár gcúigiú Laureate na nÓg. Mar a shamhlófá, táimid thar a bheith ríméadach faoi sin, mar aon le rath mór an tionscnaimh.
Ar ndóigh níor baineadh an rath sin amach thar oíche. In 2009, d’fhorbraíomar fís, straitéis agus plean gníomhaíochta cuimsitheach le haghaidh litríocht do leanaí. Rud a bhí lárnach don straitéis nua seo ná laureate do leanaí a bhunú, ról a ceapadh chun litríocht do leanaí agus a cion don saol cultúrtha a cheiliúradh; fógraíodh ár gcéad Laureate na nÓg Siobhán Parkinson i mí na Bealtaine 2010.
Bhí dóchas mór againn don tionscnamh seo, ach is beag a cheapamar go rachadh Laureate na nÓg i gcion ar dhaoine chomh mór is a chuaigh sé nó an tionchar mór a bheadh aige. Idir Leabharlann Idirnáisiúnta Laureate Siobhán Parkinson agus Pictiúr Niamh Sharkey do Once Upon a Place Eoin Colfer – d’fhág gach Laureate oidhreacht bhríomhar chruthaitheach agus thug siad inspioráid do ghlún nua léitheoirí, scríbhneoirí agus maisitheoirí.
Cuirfidh ár gceathrú Laureate na nÓg, an t-údar agus an maisitheoir iomráiteach PJ Lynch, a théarma dhá bhliain i gcrích an mhí seo. Dhírigh a thionscadal – The Big Picture – ar ealaín an mhaisiúcháin agus na scéalaíochta súl ina ndírítear ar litríocht do leanaí agus ar chumhacht na samhlaíochta. Le dhá bhliain anuas, bhí PJ Lynch rannpháirteach i bpodchraoltaí rialta áit ar phléigh sé gnéithe éagsúla de mhaisiú agus de dhéanamh leabhar pictiúr. Chuir sé roinnt tionscadal ealaíne poiblí ar siúl freisin i gcomhpháirtíocht le féilte, pobail agus scoileanna ina gcuimsítear téama na scéalaíochta trí amharc-ealaíon. Thar ceann na Comhairle, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le PJ de bharr chomh díograiseach agus tiomanta is a bhí sé.
Le gach dea-mhéin,

Orlaith McBride
An Stiúrthóir