Clinic faisnéise – An tslí le hiarratas ar mhaoiniú straitéiseach a dhéanamh
Reáchtálfar an ócáid seo tráthnóna Dé hAoine an 28 Iúil ag Wood Quay Venue, Baile Átha Cliath agus beidh daoine nach mbeidh ábalta freastal uirthi in ann breathnú uirthi ar líne. Tá an ócáid dírithe ar eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú Straitéiseach ón gComhairle Ealaíon i mí Mheán Fómhair. Gabhfaimid tríd an bhfoirm iarratais agus na treoirlínte leat agus beimid ag seoladh uirlis chun díriú isteach ar lucht féachana agus éisteachta chun tacú leat d’iarratas a chomhlánú. Más mian leat freastal ar an ócáid, léirigh do chuid spéise roimh déardaoin 13 Iúil, le do thoil, ach an fhoirm seo a chomhlánú. Tabhair ar aird, le do thoil, d’fhonn réimse maith tíreolaíochta agus foirmeacha ealaíne a bhaint amach, go leithdháilfear áiteanna i measc na ndaoine sin a léirigh spéis ann. Tabharfar fógra do na daoine sin a leithdháilfear áit orthu i ríomhphost a sheolfar Dé Máirt 18 Iúil.
|