Cuirfimid tús leis an mí le rud éigin a bheidh an-speisialta tá súil againn: New Music Dublin. Tá an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirt le RTÉ agus leis an gCeoláras Náisiúnta chun féile cheoil chomhaimseartha a chur ar bun.
Pleanáladh an fhéile i gcomhairle leis an gcumadóir, stiúrthóir agus pianódóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, Thomas Adès, agus stiúrfaidh Adès Ceolfhoireann Choirme RTÉ le haghaidh an chéad léirithe in Éirinn de Alice’s Adventures Under Ground, ceoldrámaíocht nua le Gerald Barry. Sílim go mbeidh sé seo ar cheann de na buaicphointí.
Tá gach dóchas againn nuair a chothófar acmhainní speisialta na dtrí eagraíocht le chéile go mbeimid in ann mórfhéile nua cheoil a chur ar fáil in Éirinn ar leibhéal nach mbeadh indéanta ag aon eagraíocht a bheadh ag obair ina haonair. Táimid ag iarraidh go mbeidh an fhéile mar ardán do scoth an cheoil chomhaimseartha agus déanaimh ceoil, idir cheol idirnáisiúnta agus cheol Éireannach, agus go mbeidh sí mar phointe spreagtha chun lucht éisteachta a fhorbairt le haghaidh an nuacheoil in Éirinn.
Beidh rud éigin speisialta faoin Márta freisin toisc go dtabharfar ómós foirmiúil don déantóir scannán agus don ghrianghrafadóir George Morrison mar Shaoi. Agus a chomrádaithe in Aosdána á thoghadh mar Shaoi, léirítear an t-aitheantas atá a chomhghleacaithe a thabhairt dó as a rannchuidiú suntasach, iontach agus seasmhach dá chuid ealaíne. Agus nuair a bhronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an torc óir ar George, ar siombail é den ómós sin, beidh sé i dteannta líon beag daoine eile den scoth, roimhe seo agus faoi láthair, lena n-áirítear Samuel Beckett, Imogen Stuart, Seamus Heaney, Edna O’Brien, Camille Souter agus Seoirse Bodley ar bronnadh an onóir sin orthu.
Mar fhocal scoir, molaim do gach ealaíontóir agus oibrí ealaíon súil ghéar a choimeád ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon. Bainimid úsáid as an suíomh chun páirtithe leasmhara a choimeád ar an eolas faoin gcaoi agus faoin gcúis a mbímid ag forbairt na n-ealaíon, agus tugaimid liosta freisin de na spriocdhátaí go léir i gcomhair maoiniú.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
Stiúrthóir