Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht
 |
Seoladh Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (CCDÉ) na Comhairle Ealaíon i mí Márta 2019, ag an gcomhdháil ‘Places Matter’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Seo beartas tosaíochta don Chomhairle Ealaíon, ag cinntiú go mbeidh earnáil na n-ealaíon ar fáil do chách. Tar éis gairm iomaíoch ar Cheannaire Tionscadail, bhí ríméad orainn Olwen Dawe a cheapadh, chun an chéad bhliain de phlean forfheidhmithe an bheartais a sheachadadh. Mar chuid den chéad chéim forfheidhmithe, tá an beartas CCDÉ ar fáil anois i roinnt teangacha, ar ár suíomh gréasáin. Feicfidh iarratasóirí ar dhámhachtainí aonair roinnt réimsí nua freisin a bhaineann le hinscne, eitneachas agus míchumas ar ár bhfoirmeacha iarratais; is é an aidhm atá leis sin a chinntiú go mbeidh an Chomhairle Ealaíon ar an eolas chomh maith agus is féidir faoina lucht féachana agus ní dhéanfaidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil aon difear don mheasúnú a dhéanfar ar na hiarratais sin.
Beidh neart nuashonruithe maidir lenár gcuid oibre ar CCDÉ ar fáil as seo go ceann cúpla mí, mar sin fan linn!
 |
|