Déardaoin, 3 Meitheamh, 3pm - 4pm
Cláraigh don imeacht anseo, le do thoil.
Bí le Deasc na hEorpa Cruthaithí Éire -Oifig Cultúir dár n-imeacht eolais faoin ngairm nua ón gclár, an Eoraip Chruthaitheach - i-Portunus Houses. Rachaimid tríd an bpróiseas iarratais le haghaidh na gairme seo agus conas is féidir le heagraíochtaí Éireannacha agus ealaíontóirí aonair cur isteach ar an deis seo.
Tá i-Portunus Houses ar oscailt d’óstaigh (eagraíocht nó ealaíontóirí/gairmithe cultúir aonair cruthaithe) chun dul i gcomhar le 2 go 5 ealaíontóirí agus/nó gairmithe cultúir, a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i dtíortha éagsúla de chuid na hEorpa Cruthaithí + an Ríocht Aontaithe, agus é ar intinn acu oibriú le chéile ar thionscadal comhshaothair amháin nó níos mó. Tá an scéim seo ar oscailt do gach earnáil cultúir (seachas earnálacha closamhairc), cur chuige agus modh oibre
Díríonn an scéim seo ar óstaigh agus cuireann sí béim ar an luach a bhaineann leo ó thaobh cónaitheachtaí agus timpeallachtaí oibre éifeachtúla agus ‘sábháilte’ a chur ar fáil d’ealaíontóirí/do ghairmithe cultúir. Cuireann i-Portunus Houses tacaíocht airgeadais ar fáil don óstach le cúiteamh a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le soghluaisteacht (iompar, lóistín etc.) a fhodheonú dá ealaíontóirí/gairmithe cultúir (baill foirne) fála.
Ní mór gurb é ceann de na nithe seo a leanas príomhchuspóir do thionscadal comhshaothair:
- Cruthaigh: cruthú/comhchruthú saothair ealaíne, léirithe, taibhithe
- Ceangail: líonrú, idirnáisiúnú
- Foghlaim: inniúlachtaí a mhéadú, forbairt ghairmiúil
- Fiosraigh: taighde, comhshaothair/tionscadail amach anseo
Spriocdhátaí le haghaidh iarratas:30 Meitheamh 2021 (24:00 CEST)
Fógra faoi thorthaí: 2 Lúnasa 2021
An dáta imeachta is túisce: 30 Lúnasa 2021
An dáta fillte is déanaí: 31 Bealtaine 2022
Féach anseochun tuilleadh eolais a fháil