Ailtirí i Scoileanna 2020/2021 – Gairm Oscailte do Scoileanna
 |
Tá iarratais á lorg faoi láthair ag Foras Ailtireachta na hÉireann ó iar-bhunscoileanna dá gclár Ailtirí i Scoileanna do 2020/21. Sa tionscnamh seo, cuirtear ailtirí agus céimithe ailtireachta i scoileanna ar fud na hÉireann. Spriocdháta d'iarratais: Dé hAoine, 19 Meitheamh 2020. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig https://architecturefoundation.ie/news/architects-in-schools-2020-2021-open-call-for-schools/
Tá iarratais á lorg faoi láthair ag Foras Ailtireachta na hÉireann ó iar-bhunscoileanna dá gclár Ailtirí i Scoileanna do 2020/21. Foghlaimíonn scoláirí chun taighde, dearadh agus cumarsáid a dhéanamh ar smaointe ailtireachta, chun na spásanna mórthimpeall orthu a athshamhlú i gcónaí agus uaireanta fiú athrú a chur ar a dtimpeallacht thógtha áitiúil. Má tá tú fiosrach maidir lena bhfuil i gceist, tóg cúpla nóiméad le féachaint ar scannán gairid ina leagtar amach taithí scoileanna a ghlac páirt ann in 2019/20 – https://architecturefoundation.ie/news/architects-in-schools-online-exhibition/
Is é an spriocdháta d’iarratais Dé hAoine, 19 Meitheamh 2020. Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar https://architecturefoundation.ie/news/architects-in-schools-2020-2021-open-call-for-schools/
Tá Ailtirí i Scoileanna á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
 |
|