Conairí 2021 – Seisiún 1
Ag leanúint de Shraith Fhéile na Cainte 2020, tá Foireann na bhFéilte chun clár de phlé painéil a óstáil le haghaidh déantóirí féilte, ealaíontóirí a chruthaíonn saothair i gcomhthéacs féile agus páirtithe leasmhara féilte, d’fhonn na ceachtanna a foghlaimíodh ó 2020, mar aon leis na dúshláin atá ós ár gcomhair amach in 2021, a phlé agus a roinnt.
Léigh a thuilleadh >>
Fógra maidir le Clinic Faisnéise ar Mhaoiniú le haghaidh Sorcais, Sráidealaíon agus Seónna
Beidh Clinic Faisnéise oscailte ar Mhaoiniú ar siúl ar líne ag an gComhairle Ealaíon chun forléargas a thabhairt ar na deiseanna maoinithe atá ar fáil d’ealaíontóirí sorcais, ealaíontóirí seónna agus ealaíontóirí sráide in 2021. Is iad Davide Terlingo, an Ceann Sorcais, Sráidealaíon agus Seónna, Adam O’Keeffe, an Comhairleoir Sorcais, Sráidealaíon & Seónna agus ball den fhoireann a bheidh i mbun an chlinic.
Léigh a thuilleadh >>
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh
Leis an straitéis deich mbliana de chuid na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, tá an Chomhairle tiomanta a dícheall a dhéanamh chun forbairt na nEalaíon a threorú in Éirinn. Faoi thionchar phríomhchuspóirí bheartas amharclannaíochta na Comhairle Ealaíon, agus tar éis próiseas comhairliúcháin agus forbartha, tá ríméad ar an gComhairle a fhógairt go bhfuil scéim phíolótach a mhairfidh dhá bhliain á seoladh aici, scéim a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le hamharclannóirí neamhspleácha ag gach céim dá ngairm bheatha.
Léigh a thuilleadh >>
CLINIC AR LÍNE NA SCÉIMEANNA FÉILTE – 1 Aibreáin ag 2pm
Thug an Chomhairle Ealaíon roinnt scéimeanna maoinithe agus tionscnamh isteach le bliain anuas agus é mar aidhm tacú leis na healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon i rith na paindéime Covid-19. Tá roinnt dóibh siúd ar fáil d'fhéilte chun tacú lena bhforbairt acmhainne, a bhforbairt ghairmiúil agus a gcuid oibre le healaíontóirí.
Léigh a thuilleadh >>
Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? Sraith ar líne fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge le tacú le folláine earnáil na n-ealaíon in Éirinn
Tá sonraí maidir le sraith nua ar líne fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge (WHAT) a bhfuil sé mar aidhme aige tacú le folláine cleachtóirí gairmiúla na n-ealaíon in Éirinn, go háirithe mar a bhaineann sé le paindéim reatha Covid-19. Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? (Surviving or Thriving?) atá mar theideal ar an tsraith seo de phainéil plé, ceardlanna agus podchraoltaí atá oscailte d’aon duine atá ag obair i réimse na n-ealaíon in Éirinn. Beidh an tsraith ar fáil saor in aisce agus é mar aidhm aige cur le cumas teacht aniar, le muinín agus le cónascadh in earnáil na n-ealaíon.
Léigh a thuilleadh >>
From Access to Inclusion; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus ar an gCultúr
Cruinniú Mullaigh Ealaíon agus Cultúir is ea From Access to Inclusion a bhailíonn na ceannairí agus na habhcóidí is mó a thabharfaidh ábhar machnaimh uathu ó gach cearn den domhan. Is deis uathúil é an cruinniú mullaigh idirnáisiúnta dinimiciúil seo le smaointe a mhalartú agus le bealaí nua agus nuálacha a aimsiú chun eispéiris inrochtana agus chuimsitheacha a chruthú.
Léigh a thuilleadh >>
|
|