Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon agus ar TG4, i gcomhar le hIonad Scannán na Gaillimhe, seoladh ‘ilDÁNA’ a fhógairt.
Dearadh ‘ilDÁNA’ chun tacú le scannáin faisnéise chruthaitheacha shuaitheanta ar na healaíona i nGaeilge a léiriú. Tabharfaidh ‘ilDÁNA’ deis do dhéantóirí scannán saothair uaillmhianacha ar leith a dhéanamh chun sceideal clár príomh-ama TG4 a shaibhriú agus tionchar náisiúnta a imirt ar lucht féachana.
“I ndiaidh liosta iontach de léiriúcháin a bhain gradaim amach a maoiníodh i rith ár gcomhoibrithe scór bliain leis an scéim Splanc!, cuireann TG4 fáilte roimh an tionscnamh nua seo a chinnteoidh go leanfar de chláir faisnéise shuaitheanta a dhéanamh faoi na healaíona i bpríomhsceideal clár TG4,” arsa Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4.
Caithfidh scannáin arna gcoimisiúnú le haghaidh ‘ilDÁNA’ lena n-ábhar ealaíon ar bhealach cruthaitheach cinnte. Cuirfear gach disciplín ealaíonta san áireamh. Tugtar tús áite d’ábhair chomhaimseartha ach d’fhéadfaí léiriú comhaimseartha ar shaothair stairiúla a chur san áireamh freisin. Cuirfear buiséad suas le €80,000 an ceann ar fáil le haghaidh dhá scannán sa chéad séasúr den scéim. Seolfar an dá cheann le léiriú tiomnaithe sa phictiúrlann agus beidh fuinneog téatair ann sula gcraolfar é os comhair lucht féachana i rith sceideal príomh-ama TG4 in earrach na bliana 2018.
Dúirt Fionnuala Sweeney, an Ceann Scannán sa Chomhairle Ealaíon “Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tógáil ar a comhpháirtíocht fhada le TG4 le seoladh ilDÁNA. Cuirfidh an scéim spleodrach seo, lena fuinneog téatair insuite agus craoladh tiomnaithe príomh-ama ar TG4, ar chumas déantóirí scannán saothair scannán dhána agus uaillmhianacha maidir leis na healaíona a dhéanamh do lucht féachana na hÉireann.”
Is é Ionad Scannán na Gaillimhe a riarfaidh coimisiúnú scannáin ‘ilDÁNA’ agus beidh feidhm ag ‘Téarmaí Trádála’ TG4. Roghnóidh ionadaithe as TG4, an Chomhairle Ealaíon agus Ionad Scannán na Gaillimhe na tionscadail le haghaidh ‘ilDÁNA’.
“Tá áthas mór ar Ionad Scannán na Gaillimhe a bheith rannpháirteach i scéim nua a bhfuil buiséad an-fhlaithiúil aici agus a thabharfaidh deis tá súil againn do lucht déanta scannán rioscaí cruthaitheacha a thógáil agus rud éigin dána agus bríomhar a dhéanamh le haghaidh na pictiúrlainne agus na teilifíse araon,” a dúirt Declan Gibbons, Ionad Scannán na Gaillimhe.
Cliceáil anseo chun sonraí iarratais a fháil.