Dúirt Colm Tóibín, Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, an méid seo a leanas agus Club Leabhar Ealaín na Léitheoireachta á chur i láthair aige: ‘Ealaín is ea an léitheoireacht, sa mhéid céanna agus gur ealaín í an scríbhneoireacht. Éilíonn sí freagairt chruthaitheach don téacs. Ní bhaineann tábhacht ná suntas le haon leabhar mura bhfuil duine éigin á léamh’.
Tá an nasc seo idir an t-ealaíontóir agus an lucht féachana fíorthábhachtach i ngach carn den tír, agus bíonn sé á athnuachan lá i ndiaidh lae, tráthnóna i ndiaidh tráthnóna.
Tá na sluaite ag teacht chuig imeachtaí ealaíne den chéad scoth ó Dharndál go Daingean Uí Chúis.
Agus mé ag freastal ar fhéilte agus ar imeachtaí ó cheann ceann na tíre, tá mé an-tógtha leis an tiomantas do sheachadadh na léirithe den chéad scoth ar mhaithe leis an bpobal is leithne agus is féidir. Is é an tiomantas seo do na caighdeáin den chéad scoth a chruthaíonn teagmhálacha fuinniúla agus cuireann sé gliondar orainn ar fad agus muid ag súil leis an téarnamh amach as seo.
Ón nuachtlitir roimhe seo ar aghaidh, d’fhoilsíomar ár dtacar uirlisí maidir le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht (CÉI) agus tá tuilleadh sonraí le fáil faoi sa nuachtlitir seo. Úsáid an tacar uirlisí seo mar thúsphointe. Fásfaidh sé mar is gá agus muid ag cur lenár gcuid oibre sa réimse seo. Cuireadh tús le go leor tionscadail iontacha mar fhreagairt ar ár mbeartas CÉI, agus le do thacaíocht agus do chomhoibriú, tá a fhios againn gur féidir linn cur leis an dul chun cinn seo níos mó ná riamh sna blianta atá amach romhainn.
Tá a fhios againn gur féidir timpeallacht ealaíon níos cothroime, níos éagsúla agus níos ionchuimsithí a bhaint amach. Táimid ag súil le bheith ag obair leat chun é sin a chur i gcrích.

Maureen Kennelly
Stiúrthóir