Cuirfimid tús leis an mí le rud éigin a bheidh an-speisialta tá súil againn: New Music Dublin. Tá an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirt le RTÉ agus leis an gCeoláras Náisiúnta chun féile cheoil chomhaimseartha a chur ar bun.
Pleanáladh an fhéile i gcomhairle leis an gcumadóir, stiúrthóir agus pianódóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, Thomas Adès, agus stiúrfaidh Adès Ceolfhoireann Choirme RTÉ le haghaidh an chéad léirithe in Éirinn de Alice’s Adventures Under Ground, ceoldrámaíocht nua le Gerald Barry. Sílim go mbeidh sé seo ar cheann de na buaicphointí.
Tá gach dóchas againn nuair a chothófar acmhainní speisialta na dtrí eagraíocht le chéile go mbeimid in ann mórfhéile nua cheoil a chur ar fáil in Éirinn ar leibhéal nach mbeadh indéanta ag aon eagraíocht a bheadh ag obair ina haonair. Táimid ag iarraidh go mbeidh an fhéile mar ardán do scoth an cheoil chomhaimseartha agus déanaimh ceoil, idir cheol idirnáisiúnta agus cheol Éireannach, agus go mbeidh sí mar phointe spreagtha chun lucht éisteachta a fhorbairt le haghaidh an nuacheoil in Éirinn.
Beidh rud éigin speisialta faoin Márta freisin toisc go dtabharfar ómós foirmiúil don déantóir scannán agus don ghrianghrafadóir George Morrison mar Shaoi. Agus a chomrádaithe in Aosdána á thoghadh mar Shaoi, léirítear an t-aitheantas atá a chomhghleacaithe a thabhairt dó as a rannchuidiú suntasach, iontach agus seasmhach dá chuid ealaíne. Agus nuair a bhronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an torc óir ar George, ar siombail é den ómós sin, beidh sé i dteannta líon beag daoine eile den scoth, roimhe seo agus faoi láthair, lena n-áirítear Samuel Beckett, Imogen Stuart, Seamus Heaney, Edna O’Brien, Camille Souter agus Seoirse Bodley ar bronnadh an onóir sin orthu.
Mar fhocal scoir, molaim do gach ealaíontóir agus oibrí ealaíon súil ghéar a choimeád ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon. Bainimid úsáid as an suíomh chun páirtithe leasmhara a choimeád ar an eolas faoin gcaoi agus faoin gcúis a mbímid ag forbairt na n-ealaíon, agus tugaimid liosta freisin de na spriocdhátaí go léir i gcomhair maoiniú.
Tá an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach mórtasach The Readers’ Voice a chur i láthair, sraith agallamh le húdair ar fud na tíre, a dhéanfaidh ceiliúradh ar an léitheoir, na leabharlanna áitiúla agus scríbhneoireacht den scoth in Éirinn.
Is é an ról a bheidh ag Kieran McSweeney an tionscadal RAISE a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile agus cuidiú le tabhartas príobháideach a fhorbairt ar fud earnáil na n-ealaíon.
Reáchtáladh fáiltiú an 30 Eanáir 2017 in The LAB de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun fáilte a chur roimh chuairt staidéir ó Bhainisteoirí Ionad Ealaíne na hAfraice Theas chun na hÉireann. D’fhreastail foireann ón gComhairle Ealaíon, ó Ambasáid na hAfraice Theas agus ó Roinn Ealaíon agus Cultúir na hAfraice Theas ar an bhfáiltiú.
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 6 Aibreán 2017 ag 5.30 pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 7 Márta 2017 ar aghaidh.
Tá an spriocdháta le haghaidh Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á fhógairt ag an gComhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland. Is scéim dámhachtana í seo d’ealaíontóirí faoi mhíchumas i bPoblacht na hÉireann.
Dhá uair in aghaidh na bliana, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil chun go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite agus/nó spéise in ann oibriú le chéile ar thionscadail. Tá an scéim á bainistiú ag Create.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Gairmeacha Oscailte an 21 Márta. Is é spriocdháta na Scéime seo 5.30pm Déardaoin, an 20 Aibreán 2017.
Tá Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, i gcomhar le hOllscoil na Banríona i mBéal Feirste, ag lorg léirithe spéise i gComhaltacht Scríbhneora nua do Leanaí.
Tacaíonn an snáithe maoiniúcháin seo le hardáin Eorpacha a thaispeánann tallann atá ag teacht chun cinn agus a spreagann cláir uile-Eorpacha de ghníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíne.