Bunaíodh Music Generation sa bhliain 2010, agus is é an aidhm atá aige athrú ó bhonn a chur ar shaol leanaí agus daoine óga trí fháil áitiúil a thabhairt dóibh ar oideachas ceoil taibhithe d’ardchaighdeán lena ngabhann fóirdheontais.
Tá an Oifig Forbartha Náisiúnta ag lorg Ceann Foirne don Roinn Cáilíochta, Tacaíochta agus Forbartha le cuidiú le Music Generation an chéad chéim eile dá fhorbairt a bhaint amach. Beidh an post nua sinsearach taobh istigh den eagraíocht agus beidh an ról ríthábhachtach i gcur i bhfeidhm Phlean nua Straitéiseach Music Generation le linn na tréimhse mhór fáis atá beartaithe idir 2019 agus 2022.
Beidh an t-iarrthóir rathúil ina ghairmí oilte le cuntas teiste follasach ar thorthaí, ardchaighdeáin agus gaiscí a bhaint amach i bhforbairt oideachas ceoil. Teastaíonn duine ag a bhfuil taithí ceannaireachta agus bainistíochta sinsearaí, atá in ann tacú leis an bhfás atá beartaithe don líonra náisiúnta de Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Ceoil, agus na tosaíochtaí Cáilíochta a éascú i gcomhréir le Plean Straitéiseach na heagraíochta.
Leagtar amach tréimhse fáis agus athruithe móra do Music Generation sa straitéis reatha agus is deis uathúil é an ról seo do ghairmí oilte agus dinimiciúil i réimse na forbartha oideachais ceoil cur leis na huaillmhianta sin agus iad a mhúnlú.
Chun sainchuntas poist agus eolas ar an bpróiseas iarratais a fháil, téigh i dteagmháil le John Deely ag Pinpoint:
Ríomhphost: Recruit@pinpoint.ie
Teileafón: +353 1 642 5721
Spriocdháta d'iarratais: 5.00 pm, Déardaoin, 9 Bealtaine 2019.
Is tionscnamh ceoil de chuid Music Network é Music Generation a chómhaoiníonn U2, The Ireland Funds, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla. Tá tuilleadh faisnéise ginearálta faoin eagraíocht agus a chláir ar fáil ar www.musicgeneration.ie.