Eagraíochtaí agus tionscadail arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon incháilithe do dhámhachtain nua an Chrannchuir Náisiúnta
 |
Fógraíodh deis nua iontach do thionscadail a bhaineann leis na healaíona nuair a seoladh céad Dámhachtainí an Chrannchuir Náisiúnta um Dhea-Chúiseanna.
Tá na dámhachtainí – a bhfuil ciste duaiseanna €95,000 ar an iomlán ag gabháil leo – dírithe ar cheiliúradh a dhéanamh ar an obair inspioráideach atá á déanamh i bpobail ar fud na hÉireann a bhuí do mhaoiniú Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta.
Is féidir le haon eagraíocht ealaíon a fuair maoiniú tríd an gComhairle Ealaíon sna blianta 2014, 2015 agus 2016 iarratas a dhéanamh, agus beidh Craobhchomórtas Contae agus Réigiúnach ar siúl idir mí Iúil agus Meán Fómhair, agus ag an deireadh beidh Dinnéar Mór na nGradam sa Clayton (Burlington) Hotel i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 3 Samhain.
Tá sé chatagóir Dámhachtainí ann lena n-áirítear Na hEalaíona. Ní dhéanfar moltóireacht ar an tsuim a fhaightear i maoiniú Dea-Chúiseanna ach ar an tionchar a bhí ag an maoiniú sin ar phobal áitiúil, ar ghrúpa nó ar úsáideoirí seirbhíse. Gheobhaidh an tionscadal buacach foriomlán suas le €35,000 le cur i dtreo a gcuid oibre, agus gheobhaidh buaiteoirí catagóirí €10,000.
Tá an próiseas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh an-simplí go deo.
Tá na sonraí ar www.lottery.ie/goodcausesawards
 |
|