Bailiúchán d’Fhoinn Chláirsí Bunting: Coimisiún Digiteach
Tá Music Network (MN) agus Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) ag tabhairt deis d’ealaíontóir fuaime nó d’amharc-ealaíontóir proifisiúnta le saothar suiteála a bhfuil na foinn chláirsí stairiúla a bhailigh Edward Bunting sa bhliain 1792 mar spreagadh dó.
Iarrtar ar ealaíontóirí tograí ina léirítear a bhfreagra cruthaitheach ar raon ábhar ilmheán digiteach a bhaineann leis an mbailiúchán atá i seilbh MN, ITMA, agus Bailiúcháin & Cartlanna Speisialta, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste a chur isteach. Is éard atá sna hábhair foinsí foilsithe agus lámhscríbhinní ón 18ú haois, agus taibhithe clos-amhairc stiúideo chláirsí ón 21ú haois a digitíodh.
Is deis uathúil é seo don iarratasóir rathúil chun saothar nua a chruthú agus a chur in iúl trí ábhar cartlainne a iniúchadh, a fhiosrú agus a athúsáid ar bhealach cruthaitheach, agus an bailiúchán luachmhar seo a chur faoi bhráid an phobail i gcoitinne.
|