Is é an spriocdháta le haghaidh na scéime Déardaoin, an 26 Deireadh Fómhair 2017 ag 5.30 p.m. le haghaidh féilte a bheidh ar siúl in 2018.
Is féidir Treoirlínte agus foirmeacha Iarratais a íoslódáil trí sheirbhísí ar líne ón 26 Meán Fómhair 2017.
Tairgfear Clinicí Faisnéise ag sé shuíomh ar fud na tíre ar na dátaí seo a leanas:
- 21 Lúnasa 2.00 – 4.00 p.m. Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach Phort Láirge
- 29 Lúnasa 2.00 – 4.00 p.m. Ionad Ealaíon Triskel, Corcaigh
- 6 Meán Fómhair 2.00 – 4.00 p.m. Ionad (le deimhniú), Gaillimh
- 15 Meán Fómhair 2.00 – 4.00 p.m. Ionad (le deimhniú), Baile Átha Cliath
- 26 Meán Fómhair 2.00 – 4.00 p.m. Ionad (le deimhniú), Luimneach
- 3 Deireadh Fómhair 2.00 – 4.00 p.m. The Model, Sligeach
Tá na clinicí dírithe ar eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Scéim Infheistíochta na bhFéilte le haghaidh 2018. Gabhfaimid tríd an bhfoirm iarratais agus na treoirlínte leat agus beimid ag soláthar deiseanna líonraithe le haghaidh féilte a bheidh i láthair i ndiaidh gach clinic.
Tabhair faoi deara nach mbeidh ach babhta amháin maoinithe don scéim seo le haghaidh féilte a bheidh ar siúl in 2018. Tuartar go dtabharfar maoiniú débhliantúil ar ais an bhliain seo chugainn d’fhéilte a bheidh ar siúl in 2019.
Más mian leat freastal ar an gclinic go pearsanta, cláraigh ag na naisc thíos le do thoil faoi Dé Luain, an 14 Lúnasa 2017:
- Port Láirge
- Corcaigh
- Gaillimh
- Baile Átha Cliath
- Luimneach
- Sligeach
Tabhair ar aird, le do thoil, d’fhonn réimse maith tíreolaíochta agus foirmeacha ealaíne a bhaint amach, go leithdháilfear áiteanna i measc na ndaoine sin a léirigh spéis ann.
**Tabhair ar aird, le do thoil, nach féidir le hiarrthóirí ar Scéim Infheistíochta na bhFéilte iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú Straitéiseach.**