An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30 p.m, Déardaoin, 30 Aibreán 2020
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 30 Aibreán 2020 ag 5.30 pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 31 Márta 2020 ar aghaidh.
Tá na dámhachtainí seo a leanas le fáil:
- An Dámhachtain Coimisiún sa Cheol
- Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta
- Dámhachtain Coimisiún sa Cheoldrámaíocht
Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a éascú idir réimse daoine nó eagraíochtaí ar mian leo saothair a choimisiúnú agus na healaíontóirí féin. Tacaíonn an Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta le táillí a íoctar le healaíontóirí. Is é an toradh a chaithfidh a bheith ar an bpróiseas seo ná go scaipfear an saothar a coimisiúnófar nó go gcuirfear i láthair é in Éirinn nó thar lear.
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí lena n‑áirítear ealaíontóirí, gairmithe ealaíon, ensemble, údaráis áitiúla, compántais léiriúcháin agus gníomhaireachtaí eile. Ní féidir leis an ealaíontóir atá le coimisiúnú iarratais a dhéanamh. Is é an coimisinéir amháin a dhéanann é sin.
Foilseofar Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh na ndámhachtainí seo sa chuid maidir le maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don té atá ag coimisiúnú an tsaothair agus don ealaíontóir (nó do na healaíontóirí) a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|