Tá duine uaillmhianach, inspioráideach agus a bhfuil fís aige nó aici á lorg ag Féile Ealaíon Cheatharlach le bheith mar Stiúrthóir Ealaíne/Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin. Is féile ealaíon ildisciplíneach bhliantúil í Féile Ealaíon Cheatharlach a bhíonn ar siúl gach bliain i gCeatharlach, Éire i mí an Mheithimh.
Táimid ag lorg ceannaire cultúrtha samhlaíoch, a chreideann i ról na healaíne aistrithí, dearcthaí éagsúla agus ionchuimsitheacht, agus ar féidir leis ealaíontóirí rímháistreachta a lorg – in Éirinn agus go hidirnáisiúnta – a théann i gcion ar dhaoine, a spreagann agus ar féidir leo comhoibriú le pobal Cheatharlach. Beidh tú compordach ag nascadh fís ealaíonta le scileanna láidre eagraíochtúla agus fiontraíochta.
Le cúig bliana anuas, tá fás tagtha agus comhdhlúthú déanta ar an bhféile, rud a chruthaigh seasamh láidir agus inbhuanaithe don fhéile, le linn na tréimhse nach rabhthas ag súil léi chomh maith.
Tá duine á lorg againn a fhorbróidh an méid atá bainte amach go dtí seo, agus a fhorbróidh fís shainiúil dá chuid féin chomh maith le seasamh na Féile go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Léireoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi cuntas teiste de cheannaireacht a chuireann i mbun oibre foirne beaga, daoine áitiúla agus páirtithe leasmhara ríthábhachtacha eile taobh thiar den fhís ag croí na Féile: go bhfuil eispéiris ealaíonta sármhaithe ann do gach duine.
Tá pacáiste maidir leis an bpost ar fáil ag https://carlowartsfestival.com/recruitment/ nó féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le comhairleoir earcaíochta na Féile Naomi Russell naomi@birdbybirdprojects.com + 31 651 61 60 46
Is é an spriocdháta le haghaidh na n-iarratas Dé Céadaoin, an 16 Meitheamh 2021 ar 12.00 pm (meán lae). Reáchtálfar dhá bhabhta agallamh agus beidh na chéad agallaimh ar siúl Déardaoin an 24 Meitheamh 2021. Ba mhaith linn go mbeadh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi réidh le tosú ag obair i mí Lúnasa 2021.