Fáilte go nuachtlitir mhí na Nollag
 |
Cuirfear tús i mí na Nollag le rud an-speisialta agus spreagúil do na mílte daoine óga i scoileanna ar fud na tíre: tosóidh ár gComhlaigh Chruthaitheacha ar a n-obair sa 150 scoil atá mar chuid de scéim phíolótach na Scoileanna Ildánacha. Oibreoidh 350 ionadaí ó na scoileanna leo agus é mar aidhm acu na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga.
Is ealaíontóirí nó oideachasóirí – nó ealaíontóirí agus oideachasóirí – iad na Comhlaigh Chruthaitheacha a bhfuil tuiscint ar leith acu ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht. Breathnaíonn siad orthu féin mar ghníomhairí spleodracha don athrú agus freastalóidh siad ar riachtanais na scoile le deiseanna ealaíon agus cruthaitheacha ina gceantar féin. Beidh a clár uathúil féin ag gach scoil.
Tá an-bhród ar an gComhairle Ealaíon an chéad chlár de Scoileanna Ildánacha a stiúradh. Tionscnamh suaitheanta is ea seo de chuid chlár Éire Ildánach an Rialtais chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú ar a n-oibreoidh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Mar a fheicfidh tú san alt i Nuachtlitir na míosa seo cuireadh tús iontach leis an scéim seo cheana féin.
Léigh faoin am agus faoin aire riachtanach a chaith an Chomhairle Ealaíon le beartas cuimsitheach um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a fhorbairt, i gcomhairle le raon leathan páirtithe leasmhara. Roinnfimid dréacht den bheartas seo sna seachtainí amach romhainn agus táimid ag súil leis an mbeartas deiridh a fhoilsiú mar aon le plean feidhmiúcháin go luath in 2019.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride Stiúrthóir
 |
|