Scéim Spás Oibre na bhFísealaíon
Is é Déardaoin, an 6 Meitheamh 2019 @5.30pm an spriocdháta i gcomhair na n-iarratas.
Tá deontais oiread agus €40,000 ar a mhéad á dtairiscint faoin scéim sin i dtreo costais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí. Tá sé d’aidhm ag an scéim tacaíocht a thabhairt do spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht oibre is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú do na healaíontóirí a oibríonn sna spásanna sin.
Tá treoirlínte i gcomhair na scéime le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon, faoin rannán maoiniú atá ar fáil .
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le ben.mulligan@artscouncil.ie
|