Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go criticiúil le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, ealaín sráide, seónna, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, amharclannaíocht, litríocht, na hamharc-ealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó ná sin i ngrúpaí nó in ensembles.
Baineann dhá shnáithe le Scéim Ensembles na nÓg. Ba cheart duit an snáithe is oiriúnaí do d’ensemble agus do thogra a roghnú. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar aon snáithe amháin. Is é €10,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 1 agus is é €25,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 2.
Snáithe 1
Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi thionscadal nó thionscnamh nua a fhorbróidh cleachtas agus taithí na ndaoine óga a bheidh páirteach ann. D’fhéadfá cur isteach ar suas le €10,000. Féadfaidh ensembles nua agus seanbhunaithe cur isteach ar an scéim seo agus ní mór dóibh a n-acmhainn a léiriú le tionscadal ealaíonta ardchaighdeáin a fhorbairt agus a sholáthar
Snáithe 2
Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi chlár oibre a fhorbraíonn obair an ensemble. Is le haghaidh tograí a chosnóidh níos mó ná €10,000 agus nach mó ná €25,000 an snáithe seo. Ní mór d’iarratasóirí a bheith ina ensembles seanbhunaithe a bhfuil cuntas teiste acu ar thionscadail nó ar chláir ealaíonta ardchaighdeáin a chur ar fáil. Ní mór d’iarratasóirí ar an snáithe seo a chur in iúl cén fáth a dteastaíonn buiséad níos mó ná an buiséad atá ar fáil faoi Shnáithe 1.
Féadfaidh tú féachaint ar fhíseán ina roinneann buaiteoirí sna blianta roimhe seo leideanna maidir le hiarratas a dhéanamh ar an scéim.
Má tá spéis agat cur isteach ar an scéim seo, íoslódáil agus léigh na treoirlínte anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Sceim-Ensembles-na-n-Og/
Glacfar le hiarratais ar líne ó Dé Máirt, 14 Eanáir 2020.
Tá pleanáil agus soláthar do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na healaíona mar chuid de straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016-2025.