An Eoraip Chruthaitheach 2021 – 2027: Spotsolas ar Oidhreacht Chultúrtha
 |
Cláraigh anseo, le do thoil.
Tá an AE tiomanta d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a fheabhsú trí roinnt beartas agus clár. Tá caomhnú na hoidhreachta cultúrtha ar cheann de chuspóirí uileghabhálacha an chláir nua, an Eoraip Chruthaitheach 2021 – 2027. Bainfidh na hearnálacha oidhreachta cultúrtha ar fud na hEorpa tairbhe as cur chuige spriocdhírithe earnála laistigh den Chlár, le tosaíochtaí maoinithe le haghaidh earnálacha faoi leith ann gach bliain.
Tabharfar léargas sa seimineár seo ar an gclár nua, an Eoraip Chruthaitheach 2021 - 2027 agus leagfar béim ar na tacaíochtaí atá ar fáil don Earnáil Oidhreachta. Cuirtear béim san imeacht ar shamplaí dea-chleachtais i réimse na hoidhreachta cultúrtha ag leibhéal an AE agus ag an leibhéal náisiúnta.
Is í an Saineolaí Oidhreachta Cultúrtha Náisiúnta sa Choimisiún Eorpach, Anne Grady, a bheidh mar aoi againn agus déanfaidh sí eochairchur i láthair. Cloisfimid freisin ó Chelsea Canavan agus Deirdre Power, ealaíontóirí a chuirfidh a dtionscadal i-Portunus i láthair, mar aon le hIseult Byrne (POF, Compántas Cultúrtha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath) agus Gemma Sexton (Ceann Eispéireas an Chuairteora, 14 Sráid Henrietta) a labhróidh faoi obair na hiarsmalainne agus conas a aithníodh í ag leibhéal an AE.
 |
|