DEISEANNA FOSTAÍOCHTA: Music Generation
 |
Fáiltíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman roimh iarratais ó dhaoine leis na cáilíochtaí cuí ar phost mar riarthóir le Music Generation Phort Láirge (post amháin) agus ar phost mar riarthóir le Music Generation Loch Garman (post amháin).
Post lánaimseartha, 37 n-uair an chloig in aghaidh na seachtaine, a bheidh i gceist leis an dá phost agus beidh conarthaí ar théarma seasta de thrí bliana ag na iarrthóirí rathúla.
Tá sonraí faoi na poist agus na riachtanais a bheidh ann d’iarrthóirí ar fáil le híoslódáil ó www.wwetb.ie/vacancies
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais: 5.00 pm, Dé Máirt, 1 Bealtaine 2018
Fostóir comhionannas deiseanna is ea Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman.
Cuid de Music Generation, Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann is ea Music Generation Phort Láirge ar chuir Music Network tús leis agus atá á chómhaoiniú ag U2, ag The Ireland Funds agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Déanann Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Phort Láirge, atá faoi stiúir Bhord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman, bainistiú ar Music Generation Phort Láirge i gcomhar le Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge.
 |
|