Ealaíontóir Cónaithe i dTeicneolaíocht agus Nuálaíocht
Tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon ag tairiscint deis chónaithe iontach agus speisialta d’amharc-ealaíontóir gairmiúil.
Cuirfidh an chónaitheacht an timpeallacht agus na hacmhainní ar fáil d’ealaíontóir chun teicneolaíochtaí nuálacha a iniúchadh trína chleachtas. Tá sí á hóstáil ar DCU Alpha (campas nuálaíochta tráchtála) laistigh de Talent Garden (mol nuálaíochta digití agus comhoibre).
Seo deis uathúil d’ealaíontóir oibriú laistigh de thimpeallacht comhoibre nuálach agus a bheith i dteagmháil le pobal taighdeoirí, innealtóirí, nuálaithe agus fiontraithe.
Tá an chónaitheacht ceaptha d’amharc-ealaíontóirí a bhfeabhsófaí a saothar le rannpháirtíocht thumthach sa chomhthéacs seo.
Rinne an Chomhairle Ealaíon an infheistíocht seo de bharr a tiomantais raon na gcomhthéacsanna inar féidir le healaíontóirí leas a bhaint as deiseanna cónaithe a leathnú.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó DCU nó ón rannán maidir le maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Seo é an nasc a mbeidh an fhaisnéis le fáil air ar shuíomh DCU
https://www.dcu.ie/president/Visual-Arts-Office.shtml