Mar chuid d’athstruchtúrú atá á dhéanamh acu, tá an Irish Aerial Creation Centre anois ag féachaint lena acmhainneacht a neartú trí Stiúrthóir a cheapadh, leis an bhfoireann a stiúradh, leis an ionad a reáchtáil, le bheith ag oibriú i gcomhréir lenár bplean straitéiseach úr cúig bliana agus le tionscadal Deontas Caipitiúil an chomhlachta a bhrú chun cinn.
An cineál conartha: Tá an conradh á thairiscint ar bhonn fostaithe, lánaimseartha, agus is conradh 12-mhí a bheidh ann i dtosach, ach an rogha ann go síneofaí é.
Luach saothair: €40,000 - €45,000 ag brath ar thaithí.
Uaireanta oibre: Is conradh 40 uair in aghaidh na seachtaine a bheidh ann ach d’fhéadfaí é sin a phlé. Beidh ceanglas ann, ó am go chéile, obair a dhéanamh tráthnóna nó ag deireadh na seachtaine agus, nuair is gá, bíonn córas am saor in ionad oibre den chineál seo i bhfeidhm ag IACC. Ní bhíonn aon ragobair ann. Is iondúil go reáchtáiltear clár na ranganna go dtí 8pm, mar sin, d’fhéadfadh sé gur ghá a bheith ar fáil le linn na n-amanna seo ó am go chéile.
Promhadh: Beidh tréimhse phromhaidh de shé mhí i bhfeidhm ó thús an chonartha.
Ionad oibre: Beidh an Stiúrthóir lonnaithe san IACC ag Páirc Oifige Ghallóige, an Corrbhaile, Luimneach. Éileofar, mar chuid den ról, go mbeadh ar an té a cheapfar taisteal thart ar Éirinn agus go hidirnáisiúnta chun ionadaíocht a dhéanamh don ionad. Bheadh costais taistil agus costais laethúla, ag brath ar mhaoiniú.
An Próiseas Iarratais:
Iarrtar ar iarratasóirí na nithe seo a leanas a chur isteach:
- Curriculum Vitae mionsonraithe ina mbeadh cuntas ar thaithí ábhartha.
- Litir iarratais ina leagfaí amach na cúiseanna a mbeadh spéis agat sa ról seo.
Aighneachtaí: Ba cheart iarratais a chur trí rphost chuig info@irishaerialcreationcentre.com
Spriocdháta: Is é an 7ú Meitheamh, 2021, an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Agallaimh: Reáchtálfar na hagallaimh ar líne Dé Máirt an 15ú Meitheamh, agus eagrófar an dara sraith d’agallaimh ina dhiaidh sin.
Rúndacht: Aithníonn IACC riachtanas príobháideachais iarratasóirí agus glacfaidh gach céim is réasúnach lena chinntiú go bpléifear le gach iarratas agus agallamh faoi mhodh rúin.
Chun na sonraí go léir a fháil tabhair cuairt ar: https://irishaerialcreationcentre.com/jobs