Próiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta nua ar Ailtireacht.
 |
Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tar éis tús a chur le próiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta nua ar Ailtireacht.
Tríd an mBeartas nua atá molta, tacófar le straitéisí pleanála fadtéarmacha agus cuideofar le dul i ngleic le saincheisteanna barrthábhachtacha lena n-áirítear folláine na sochaí, an t-athrú aeráide agus athghiniúint uirbeach. Tá plécháipéis ullmhaithe ag an Roinn ina leagtar amach scóip agus uaillmhianta an Bheartais Náisiúnta nua ar Ailtireacht, ar a bhfuil an teideal sealadach, 'Places for People'. Tá sé bunaithe ar chúig phríomhthéama:
- Dearadh d'athléimneacht agus inbhuanaitheacht i leith na haeráide
- Áiteanna ardchaighdeáin a dhearadh a bheidh chun leas an phobail
- Ómós don am atá caite agus tionchar a imirt ar an todhchaí
- Ceannaireacht, agus
- Eolas agus nuálaíocht.
Is féidir an phlécháipéis Places for People, suirbhé ar líne mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, agus ábhar eile a bhaineann le hábhar a fháil ar https://www.chg.gov.ie/heritage/built-heritage/architectural-policy/.
 |
|