Tá séasúr an tSamhraidh linn agus an chosúlacht air gur fíor-Samhradh atá againn i mbliana. Is féidir a bhrath beagnach daoine ag ligint a scíth agus ag baint sult as an deá-aimsir agus astu féin chomh maith. Is iad na healaíona mar chuid mhaith den sult seo. Is iad taitneamh na gréine, siamsaíocht agus na healaíona – ón bhfíorshiamsaíocht go sáreispéireas intleachtúil is mothúchánach – mar chuid den chreatlach uile cruthaithe ag ealaíontóirí agus ag eagraíochtaí ealaíon.
Fad is atá an Samhradh ag druidim ar aghaidh, caithfimid tús a chur le pleananna don Fhómhar agus do bhliain nua mhaoinithe. Seolfar an nuachtlitir seo agus litir ar leith go gairid chuig [na healaíontóirí agus na heagraíochtaí ealaíonta] go léir ina bhfuil eolas ríthábhachtach ann maidir le spriocdhátaí.
Beidh fuinneog iarratais na Comhairle Ealaíon dár gcláir dheontais phríomhioncaim (.i. d’Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, Maoiniú Bliantúil agus Deontais le haghaidh Clár Bliantúil) ar oscailt ón 10 Meán Fómhair go dúnadh ar an 10 Deireadh Fómhair. Le do thoil, tabhair le fios nach mbeimid in ann glacadh le hairratais tar éis 5.30i.n. ar an 10 Deireadh Fómhair 2013.
Thug an Chomhairle an próiseas iarratais níos luaithe isteach anuraidh, i gcomhthéacs na ndiandeacaireachtaí a thugann eagraíochtaí ealaíonta aghaidh orthu i bpleanáil clár le laghdú ar acmhainní. Déanfaimid cumarsáid arís faoi na cinntí maoinithe ag tús mhí Eanair, le trí mhí iomlán a thabhairt d’eagraíochtaí le pleanaíl dá n-oibre do thréimhse Aibreán 2014 go Márta 2015.
Is léir go dtuigeann tú/sibh na dúshláin a dtugann na maoinithe poiblí aghaidh orthu is nach bhfuil imithe i léig ón mbliain atá caite, agus gur tháinig laghdú sa bhreis ar dheontas i gcabhair na Comhairle Ealaíon sa bhliain 2013 go €59.9 milliún.
Leanfaimid ar aghaidh ag tacú go tréan ar son infheistíochta méadaithe sna healaíona don bhliain 2014. Cé go n-oibrítear don iarmhairt is fearr, áfach, bheadh sé neamhstuama gan seans le tuilleadh ciorraithe a thabhairt san áireamh. Sa chás seo, leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ar aghaidh le cur chuige straitéiseach a uchtú, le hinfheistíocht d’iarmhairtí ealaíon is fearr a bhaint amach, anois agus amach anseo leis na hacmhainní ar fáil. Ní féidir linn gealltanas a thabhairt d’aon eagraíocht aonair go leanfar ar aghaidh leo a mhaoiniú, nó nach ngearrfar go dian ar leibhéal an mhaoinithe úd.
Mar sin, tiocfaidh deireadh leis an Samhradh breá seo. Ní fios dúinn fós cad a bheidh i ndán dúinn don chéad séasúr eile. Ach táimid tiomanta ullmhú dó agus aghaidh a thabhairt air.
Le deá-mhéin,

Orlaith McBride
Stiúrthóir